Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Cailís i bhFolach”
  4. XML “Pota Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 315
    3adh Nodhlag 1937
    Cailís i bhFolach
    Ní féidir eólas deimnighteach d'fhághail ar na neactraí áiteamhail a thárla ac mar sin féin ínnseóchaidh ár seanncaidhe gach rud gur fiú d'áireamh in a dtaobh.
    leath míle ar an dtaobh thoir -theas de Inisdíomáin tá cnocanín suidte ar a nglaodhtar Sliabh Burren agus de réir beal-oideas bhi sagart óg ag léigheamh Aifreann ann in aimsear na péin-dlighthe nuair a bhí an namhad ar a dtóir Bhi cloc inaice leis agus núair a chonnaic sé ag teacht é árduigh sé an cloch agus chuir sé an cailís bhi aige fé,agus theich sé lé'n a anam. Deirtear go bhfuil ríain a láimhe agus a fhola le feiscint ins an cloc agus go bhféadfaí é d'fheiscint indhiu muna mbeadh an féar agus an fraoch atá ag fás ar gach taobh de.
    Theich an sagart ac deirtear gur tháinig an namhad -súas leis agus mharbhuigeadar é go fealltach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Pota Óir i bhFolach
    Deirtear gur chómhnuig sgata manaigh ó lancashire i gCorcomroe agus go raibh teach aca i Cill -seanaigh an áit a bhfuil an reilig inniu.Do réir sgéal ta pota óir i bhfolach ann agus núair a bhíonn an t-aifreann 'ghá rádh sa séipéal bíonn an pota le feiscint úaireannta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Conaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glen South, Co. an Chláir