Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In aimsir an anólládh do chómhnuig gaduide i mBaile na Gaduidhe in áit ar a dtugtar "Cnoc an Aitinn" air. Bhí úaig aige fé talamh agus is ann a cómhnuig sé ar feadh a saoghal. Ní raibh aon slighe bheatha aige act ag gaduideact agus ag guid an fhaidh is a mhair sé. Aon lá amháin bhí an gaduide aoiste agus gadhuidhe óg eile agu dul go dtí Cillfionnúrach agus chonnacar fear agus bó aige ag teacht in a ndíaidh agus deineadar suas a n-aigne an bhó a guid ón féár machanta. Do bhain an gaduidhe óg an bróg de agus do leig fé ar an bóthar é agus nuair a bhí fé leath míle nó mar sin ón céadh bróg bhain sé an bróg eile de agus do leig sé ar an bótar é leis.Nuair a tháinig an fear machánta do chonnaich sé an céad bróg ach do leig sé é ins an áit céadhna ach nuair a chonnaic sé an dara bróg do chúaidh sé síar fé dhein an chéad bróg, Do leig sé an bó ar an talamh in a díaid, agus núair a tháinig sé thar nais bhí an bó imtighthe. Deirtear gur ón gaduidhe sin a fúair an baile sin a ainm. Níl fhios againn a ainm ná a shloinne ná an t-am a rugadh agus a fúair sé bás.
Bhí fear ann leis ins Baile na Gaduide dárbh anim dó "Lucas" agus is é do chuir an "Freeman's Journal" ar bun act do bhriseadh súas é roinnt blíanta ó soin. Sé an "Independent" a bhris é núair a bhí sé dhá dhíol ar leath pingin an uair sin.
(Mo Uncail a innis an scéal seo dom
Chomhnuigheann sé i Baile na Gaduidhe i bparóiste Cill Seannaig Co. an Chláir)- Bailitheoir
- Áine Ní Lúadhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir