Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 302
- XML “Béaloideas - Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)comhartha seaca.
6. Núair a bhíonn an ré agus na réaltai ag lonnradh go gheal bíonn an sioch cúgainn.
7. Má cítear "Gáenna Fiadhaine" ag eitilt ó thuaidh, sin cómhartha sneachta is fuacht.
8. Núair a eitleann na géanna san bhfeirm, sin comhartha báistighe, agus núair a fánann na préacháin sa talamh sin cómhartha eile báistighe.
9. Má bíonn an ghealach leath-clúdaighthe lé sgamallaibh bíonn an fhearthainn ag teacht.
10. Má cloistear glór na farraige ó "Bárr Tragaí" bíonn an doinseann ag teacht.
Ma cloistear glór na farraige ó "Móthair" bíon an soineann cúghainn.
11. Má cítear an cat agus a drom don teine is baoghalach ach go bhfuil an droch-aimsear ag teacht.
Má cítear é ag scríobadh adhmaid bíonn an storm cúghainn.
12 Do réir na seancaidh núair éisigeann an tuile la Coille sin comhartha go bhfuil blian maith iomadamhaile ar fághail.
13. Núair a bhíonn an sughaidh ag titim ina chnápógaibh anuas ar simné sin comhartha báistighe.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glen South, Co. an Chláir