Scoil: Dubhlinn (B.), Inis (uimhir rolla 4870)
- Suíomh:
- Dúlainn, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tadhg Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart ag dul ó Cronogort soir go dtú Cronogort thiar lá. Dubhairt an sagart go raibh saidbreas an t-saogal fe'n a dhá cos síos agus é 'na sheasamh ar an gcatairIs le Seán D'arcy an páírc sin ara tugtar "An Catair." Deir na sean daoine go bhfuil cú ag tabhairt aire don ór atá annsan.Tá pluais fé'n dtalamh ag páírc D'Arcy agus cuaidh fear isteac ann lá agus chaith sé lá agus oidhche ann, Seán Mac Gloinn dob ainm dó agus ón lá a tháínig sé amac go dtí an lá a chailleadh é níor innis sé d'aoinne cad a chonnaic sé ann.Is cuimhin le Seamus Ó Cilltreáin madra le Pádraig Ó Ceallaigh imtheacht isteac ins an bpluais agus caith sé sé mí ann.I gcionn sé mí cas sé abhaile agus bhí sé ciortha agus reamhar bhíodh sé ag sceamhgail istig ins an oidhche, agus deirtear gur ag tabhairt aire don ór a bhí an madra i rith na sé mí a bhí sé imthighthe. Chas an cú ar Seamus Ó Cilltreán; bhí sí comh mór le asal, tar éis tuitim na hoidhche. Tomás O Concubhair
Baile Bheára- Bailitheoir
- Tomás O Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bháire, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Eamonn O Concubhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Baile Uí Bháire, Co. an Chláir