Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- Suíomh:
- Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caithfidhe ceithre bioráin bheith agat chuige. Cuir suas lúba ar an gcéad biorán ar dtúis, annsan cuir an cómh-oiread ar an dtarna biorán, agus an méad céadna ar an dtriomhadh biorán as a chéile. Ceangail an lúb deireannach ar an dtriomhadh biorán de'n chéad lúb ar an gcéad biorán, agus bíodh an 4adh biorán agat chun cniotálta. A dtosac barra, ámhthacht, ní foláir an oiread san a leogaint leis an snáth as an gceartlín is do cuirfeadh suas na lúba ar na trí bioráinibh, agus an chéad lúb dochur suas - idtosac an méid sin snáith - comhgarach do'n gceartlín.
Teastochadh ceithre lúba fichead an biorán ó fhear agus níosa mó ná níosa lugha ná son deréir mar atá an snáth reamhar no caol, agus má tá fear mór ann go mbeadh colpa maith reamra[?] aige, caithfidh sé breis lúbh bheith aige, agus mar geall arfear eadthrom, deanfaidh áireamh níosa lugha an gnó. Is fuirist as san lúba stoca olna chun mná, nó lúba stocaí cadáise nó síoda d'áireamh.
Bíodh dá lúb ar deiseal agus dhá lúb ar dtuathal mar cháimh agat, Nuair a bhíonn cnáimh mar sin, is fearrr aluigheann an stoca, i gcoinnibh na colpa, agus dá bhrígh sin is fuirisde é achoimeád ó bheith ag tuitim annuas.
Comáin leat ar an ndul san go raghudh tú go dtí an t-sál. Nuair a raghudh tú godtí an t-sal,(leanann ar an chéad leathanach eile)