Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 287
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Dá raghad duine amach ar maidin agus dá mbí bean ruadh an céad duine a buailfead uime ní bheadh aon rath air an lá san
/2/
Ní ceart tig a dhéanamh ar chasán mar deirtear go mbeadh daoine ag siubhal sa tig san oidhche
/3/
Ní ceart aon roth a tharrach Lá Fhéile Bríghde an céad lá de Feabhra
/4/
Dá mbeadh ruadhan alla ar d'éadach do geóbhfá rud éigin nuadh
/5/
Ní sé ceaduighthe uisge na gcos a chaitheamh amach san oidhche ar eagla go mbeadh daoine ó'n saoghal eile taobh amuigh agus ní ceart uisge salach a chaitheamh ortha
/6/
Ní pósann aoinne Dia Luain ná Dia h-Aoine
/7/
Dá gcuirfheadh duine bróga nua ar an mbórd sin cómartha go mbeadh troid sa tig
/8/
Níl sé ceaduighthe do bheirt nuadh pósta teacht abhaile sa Charghas.
/9/
Ní ceart cat a thógaint leat nuair a bheidhteá ag aistrú ó áit go h-áit eile
/10/
Nós atá ag na Gaedhil dul amach mór-thímcheall na feirme oidhche Bealtaine le h-uisge coisreachan chun go gcuirfeadh Dia a bheannacht ar na barraí
/11/
Deirtear nách ceart bainne a thabhairt d'aoinne Lá Bealtaine.- Bailitheoir
- Neans Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Concubhar Ó Éaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 70
- Seoladh
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí