Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an mbóthar. Phreab Dómhnall amach o'n eidhneán agus chaith sé fód léi ach níor bhuail sé í. Chaith sé an tarna fód ach níor bhuail sé í agus mar an gceudhna leis an trímhadh ceann. Nuair bhí sí tamall ó'n ngeata chaith Dómhnall an ceathramhadh fód agus bhuail sé í agus thuit an cnámh uaithe. Chrom an cailín síos is phioc sí suas arís é agus siúd chun bóthair í.
Nuair tháinig Dómhnall amach ar an mbóthar is amhlaidh a tháinig saghas faitchís air. Dúbhairt sé leis féin 'na aigne nárb aon chabhair bheith ag iarraidh buadhachtaint uirthi agus scaoíl sé roimis abhaile í agus d'imthig sé ar shórt sodair abhaile na diaidh. Nuair bhí an cailín i gcómhgar an dorus chuir sí a lámh leis is d'oscail sé é isteach agus san am ceudhna chaith sí uaithe an cloigean isteach i lár an úrláir. "Seo" ar sise "agaibh anois é is tá an té gur leis é chúghaibh an dorus isteach." Tháinig crith cor is lámh ar a raibh istig agus tháinig scannradh is anaithe ar an dtáilliúir agus thug sé léimt as a chorp anáirde ar an mbórd agus thug sé iarracht ar dhul amach an t-shuimné. Bhí seana cullachta briosc ós gcionn na teine. Nuair sheasaimh sé ortha bhris an culacht agus thuit an táilliúr isteach sa teine agus dógadh a dá chois leis. Ní raibh aon ghadh ag an dtaillúir don bpúnt mar d'fhan sé furmhór do'n mbliain san ósbuidéal ag leigheas na gcos.- Faisnéiseoir
- Diarmaid A' Chotair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí