School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 099
- XML “Tomás na Buile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann uair agus Tomás na buille a b'ainm do. Do bhí muileann aige agus do bhí sé na chómhnuighe imbéal - átha - an - Ghaorthaidh agus bhí sé pósta le bean dar a b'ainm Nóra.
Ní raibh sé sásta leis an t-airgead a gheibheadh sé gach lá in-aon-chor. Lá amháin dubhairt duine dá chómharsain le Tomás gur fuair sé cnapóg óir fé'n dtalamh tar-éis bheith ag taidhbreamh mar gheall air trí oidhche roimis sin.
Nuair a airig Tomás an méid sin do tháinig an áthas air agus dubhairt Tomas mar seo "mise ag obair ó mhaidean go h-oidhche agus mé ag fághail ach sgilling bán.
Ansan nuair a chuaidh Tomás a chodhladh do thosnuig sé ag taidhbreamh mar gheall ar an t-airgead agus do(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Dhonnabháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
- Informant
- Pádraig Ó Chéilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 32