Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Scéal - An Bheirt ná Raghadh a Chodladh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seift chun iad a chuir a chodhladh.
    Bhí fear na chómhnaidhe an uair sin i gCarraig-an-Pucha agus isé an ainim a bhí air ná Conchúbhar Ó [?] agus nuair a bhí sé tímpeall seascadh bliadhain do fuair a bhean bás agus do bhí an bhean seascadh an uair sin leis.
    Nuair a bhí a bhean tar-éis bháis mí nó mar sin do tháinig sé go dtí Carraig-an-Adhmaid oidhche amháin i gcóir teachtairí éigin agus nuair a bhí sé ag dul abhaile i dtreó an tig do tháinig bean chuige agus dubhairt sí leis gan dul isteach sa tig in-aon-chor go fóill agus dá raghadh sé isteach go glaodhfar amadán air.
    Dubhairt an fear leí gur cuma leis go raghadh sé isteach. Do chuaidh sé isteach agus go bhí bean deallruightheach le na bean féin istig agus beirt cailíní i n-aonfheacht léi.
    Do ghlaodhadar amadán air agus d'fhiafhruig sé díobh cad na thaobh agus dubhradar mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Liatháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    78
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí