School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0332, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0332, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 011
  3. XML “Scéal - Na Púcaí sa Choill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear na chómhnuidhe i gCúm Uí Chliabhaín tímpeall céad bliadhain ó shoin agus feirmeóir a b'eadh é. Aon oidhche amháin do bhí sé chun dul do h-aonach Beanntraighe agus mar sin do chuaidh sé a chodhladh go luath roim tuitim na hoidhche mar chaithfeadh sé eiríghe i meádhon-oidhche chun dul ann mar bhí sé ana fhada ó na tig féin.
    Do bhí banbhaí aige le díol. D'eirig sé i meádhon-oidhche agus d'ith sé rud éigin agus chuir sé na banbhaí isteac sa trucaill agus d'imthig sé leis chómh mear agus d'fhéad sé é fé dhéin an aonaig.
    Nuair a tháinig sé go coill a bhí ar thaobh an bhóthair do stop an capall. Do bhí iongnadh air agus do bhí sé a d'iarraidh an capall a tiomáint ach má bhí ní imtheóchadh an capall.
    Táinig sé amach as an trucaill agus do bhí an capall ag cur allus mar a bheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish