School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dul go dtí an siopa agus ocht sgillinge a thabhairt do bhean an t-siopa agus dul[? go dtí an roilig agus ocht turais do dhéamamh.
"Tá go maith" arsa an driofúr agus[?] chuaidh sí go dtí an siopa agus tug ocht sgillinge d'fhear an t-siopa. Chuaidh driofúr go dtí an roilig agus bhí an bhean[?] marbh ann leí agus do shuid an driofur ar a corraghiob agus dubhairt an bhean marbh leí chun tosnúghad ar an turas airís agus gan suidhe ar a corragiob thuille mar do chaithfheadh sí tosnúghadh turas san airís.
Do dhein sí na hocht turas agus dúbhairt an bean marbh go raibh sí ag dul go Fláthas Dé anois agus aon athcuingí ba mhaith leí d'fiafhruid agus d'iarr[?] sí ar an mnaoi marbh gan í fheiscint brath airís nár mór an amadán í gan fhiafhruidh[?] ar an mhnaoi marbh í leigint go Flathas Dé[?] nuair a gheobhadh sí bás.