Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “An Tine Amuich sa Pháirc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí dhá mac acu. Nuair a bhí an mac ag fás suas do bhí sé ana cheannamail ar an dtobach.
    Lá amháin do chuaidh sé amach ag obair go feirmeóir éigin agus do bhí sé ag ól tobach ar feadh an lae. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do bhí sé ana dheanac san oidhche do chonnaic sé teine i bpáirc éigin agus ní raibh aon lasán aige chun a píopa do lasadh.
    Do chuaidh sé isteach go dtí an teine agus nuair a bhí se díreach thar an claidhe do múcadh an teine agus do tháinig sé amach airís agus nuair a bhí sé amuic do bhí an teine ar lasadh istig.
    Do chuaidh sé isteach airís ach má chuaidh do múcadh an teine airís agus nuair a tháinig sé amach níor fhéad sé siúbhal a thuille agus do chuir buachaill isteach i dtrucaill é agus do thug sé leis abhaile é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Dhonnabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    32
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí