Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí seana-bhean ann fadó agus aon rud a iarrfhadh duine uirthe do neosfhadh sí dóibh é. Bhí a lán daoine ag dul cuice ag iarraidh rudaí uirthe.
Chuaidh fear cuiche lá agus d'iarr sé aisling uirthe. Dubhairt sí leis codhladh in áit nár chodail aoinne riamh agus go mbeadh aisling aige ní raibh cúinne sa tig nar chodail sé agus níor tháinig a aisling.
Oidhche amhaín nuair a bhí na daoine a bhí ag scoruidheacht ann imthighthe amach do chuimhnigh sé ar codhladh treasna na teine agus do chodail sé ann agus tímpeall a dó-dhéag a chlog do thosnuigh sé ag taidhreamh.
Do cheap sé go raibh obair [?] aige ag tabhairt amach litreacha go dtí an long. Maidin amháin bhí sé ag dul leis na litreacha. Bhí sé déanach i gcóir an long. Bhí an long imthighthe agus ní raibh fhios aige cad a dhéanfhadh sé ansan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dheasmhúmhna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán De Róiste
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Cnoc an Iúir, Co. Chorcaí