Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 147
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    D'airigheas m'athair ghá rádh gur bhuail bean siubhail isteach chúca tráthnóna...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    maithe - cúice go gcaithfeadh sí gluaiseact. Cheapadar gur ag magadh fútha do bhí sí acht ambasa narbh eadh
    D'innis sí dom athair conus mar ar baineadh preabh as féin agus buacaill do bhí na theannta nuair bhíodar ag dul abhaile ó'n gCaolcuill oidhche. D'innis sí dho conus mar ar baineadh preab eile as oidhche nuair do bhí sé ag teacht ó'n gncoc, nuair do chonnaic sé an beithídheach breach agus gur mhaith an bhail air gur léim sé thar an glaise chómh tapaidh agus do dhein.
    Dubhairt sí liom seana-mháthair go raibh mac léi ag baint fhionnain indiu sa chnoc do bhí ar a n-agaidh anonn agus go ndeachaidh bean a mic do bhí ag iompar leinbh anonn leis an ndinnéar ag triall air agus a rádh léi gan dul ann a thuilleadh mar gur tugadh fúithe indiu agus mar a mbeadh gur chabhruig cuid dá daoine muinntheartha léi nuair do baineadh an treasgairt aiste agus í ag filleadh abhaile ná raghadh sí chómh saor as agus do chuaidh. Lean sí uirri ag innsint neithe de'n tsaghas san dóíbh agus neithe eile gur cheapadar ná raibh fios ag éinne orra ach iad féin agus Dia na Glóire. Dubhairt sí go raibh bean áirithe sa ghleann agus go mbíodh sí ag éisteact leó gach oidhche. Thaisbeáin sí dhóíbh poll do bhí sa bhfalla le h-ais na teine. "Tá an poll san ag dul tríd an bhfalla ar fad" ar sise. "agus má théigheann duine agaibh amach an neómat so chídhfidh sibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge