Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 167
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo sgeal eile d'airigheas i dtaobh...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhuidheachas do bheith mar go rabhthas chum é leanamhaint agus go marbheóchfaí é siúraltha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Ar an gCarraig aneas do chómhnuigh blianta ó shoin fear darb ainm...

    Ar an gCarraig an eas do chómhnuig blianta ó soin fear darb ainm do Tomás Leanin. Bhí deirbhsiúr aige do bhí pósta le h-ais Dún-maonmhuighe. Coicthígeas roimh Nodlaig do mhairbh sé mart agus do thárla go raibh gnó éigin aige do thug do Dún-maonmhaige é cúpla lá tar éis an mhairt do mharbhúghadh. D'fág sé an tig ar a h-aon dheug isdoichche. Bhí capall agus trucaill aige agus bhí mac a dheirbhsheáthar na theannta
    Bhíodh sé de nós ag na sean-daoine sa cheanntar so nuair do mharbhuigheadh duine acu muc nó mart i gcóir na Nodlag go ndéanfhadh sé cuid de'n fheoil do roinnt ar a dhearbhrathaireacha no a dheirbhsheáthrach agus do thóg Tomás píosa feóla chum é thabhairt do'n deirbhshiair. Bóthar Mhacha-na-Claidhe suas do ghabhadar agus ní rabhadar act leath mhíle nó mar sin soir ó'n t-sean-mhuillean nuair do bhí an capall ag tabhairt suas.
    Ní raibh de ualach aige le tarrach acht an bheirt fhear agus an píosa feóla. Ní chuireadh an capall fiche slat de bhóthar de nuair stadfadh sé. Fé dheire thug Tómas fé ndeara go raibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge