School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 012
  3. XML “Coimeád a bhFaighir”
  4. XML “An Críoch do Rug ar an tSeanchaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sar a dtáinig an Nodhlaig bhí na ceithre cínn sínte. Do mhairbh an duig na cheithre cínn agus d'fhéadfhainn a rádh leat a gharsúin nár rugas ar púnt le chéile dhá uair im láimh riamh ó shoin"
    Sin é an sgéal d'innis an sean duine seo dom arsa m'uncail. Bhí na sean daoine go fial agus go fáilteach. Ní raibh duine aca na raibh Aitheannta Dé agus an Teagasc Críosdaidhe de ghlan mheabhair aige. Daoine dobh eadh iad go raibh a lán cráibhtheacta ag baint leó act chreid gach duine dhíobh nách mór ná raibh ádh ná ráth na séan ar aoinne riamh nár choimeád airgead do fuarathas ag cailleamhaint. Bféidir an ceart do bheith aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear na cómhnuidhe le nár nais sa Bhárrlinn[?] Bhí sé na shean-duine suas le cheithre fichid bliadhan agus mise im gharsún scoile. Diarmuid Ó Shúilleabháin dob ainm do act Diarmuid a Craith do thugaimís[?] air mar ceann de's na Craithígh dob eadh é.
    B'iongantach an seanachuidhe é. Ní raibh aon oidhche dhá dtagadh sé ag scoruigheact chúghainn ná bíodh sgéal nuadh éigin le h-innsint aige, Agus nuair ná bíodh sé ag innsint sgéil, bhíodh sé ag canntain amhráin dúinn no ag innsint i dtaobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish