School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 034
- XML “Scéal i dtaobh Airgid i Lios”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)úd gur chuiminígheadar ar seift agus "bé seó an seift" ar sise. "Bailígheadh congnamh agus do tháinig fir ó gach lios san dúthaig seo agus chómh fada ó thuaidh le Tráighlí.
Nuair do bhíodar go léir bailighthe le chéile chuadar go dtí an loc atá ar an gCnoc mBuidhe. Ní raibh braon uisge san loch nár dheineadar do thaosgadh le fánaig agus sin í an tuille do sgiob bhúr gcuid airgid-se léi." (no title)
“Ar an nDrom-Ruadh (Dromroc) cúpla míle soir ó Bheanntraighe tá lios...”
Ar an nDrom-Ruadh (Dromroc) cúpla míle soir ó Bheanntraighe tá lios agus deireadh na sean-daoine go rabih a lán airgid ann agus seo mar ar cuireadh ann é.
Nuair a tháinig na Spáinnig go Cinn-tSáile ins an mbliadhain 1601 do thugadar leó lán loinge dór. Tugadh é seo do's na taoisig - Ó Néill, Ó Dómhnaill agus Ó Súilleabháin Bheara. Do riarradh cuid de ar na saigdiúirí do bhí ag troid ar son na h-Éireann agus choimeád na taoisig a fhurmór agus deirtear go bhfuair Dómhnall Ó Súilleabháin Bheara a thrí oiread agus fuair na taoisig eile le chéile.
Nuair do fuair Dómhnall amach go raibh na Sasannaig ag fagháil an lámh-uactair orra(continues on next page)