School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 035
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Ar an nDrom-Ruadh (Dromroc) cúpla míle soir ó Bheanntraighe tá lios...

    (continued from previous page)
    Do ghlaoidh sé ar fiche fear de's na saighdiúirí dob' fhearr a bhí aige. Chuir sé an t-ór isteach i málaibh agus fuair gach fear díobh mála de.
    Dubhairt sé leo gach cómhgar a bhainnt amach agus gan stad go sroisfhidís Baile - Caisleán - Bheara. Thiomáineadar leó act níor bhféidir leó aon deabhadh do dheanamh mar bhí na hualaide a bhí orra ró-throm dóibh. Ní raibh eolas na slíghe ró mhaith acu agus sarar shroiseadar Beanntraighe bhí an tóir 'na ndiaidh. Bhí fhios acu ná feadfhaidís na cosa do bhreith leo agus an baile do bhaint amach agus chuimhnígheadar nár bhfearra dhóibh rud a dheanfhaidís ná an tór do chuir i bhfolach in áit éigin. I mBeanntraighe iseadh do rugadh agus do tógadh duine díobh agus do chómhairlig sé sin don chuid eile é chur isteach sa lios atá ar an nDromRuadh mar dá mbeidís ag cuardach go deó ná feadfaidís áit dob áisíghe d'fhághal.
    Do thógadar a chómhairle agus dheineadar rud air. Annsan thugadar a naghaidh ar Muinntir Mháire. Fuaradar sean-bhád ar an dtráigh agus isteach leo ann agus treasna na fairrge ag rámhuidheact ar a ndícheall.
    Más fíor an tseannachuidhe ámh ní rabhadar acht leath-slighe nuair do thuit an tón as an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish