Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 003
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar a lán acu gur chuireadar é go léir in aon áit amháin. I gcionn tamaill - bliadhain no cúpla bliadhain - nuair a theastuig airgead uatha bhí fiadhaile, lustáin agus neanntóga tár éis fás tímceall na háite 'nar cuireadh é agus ní rabhadar ábalta ar é fhagháil ná é aimsuidhadh Bhí sé caillthe - chómh caillthe agus dá mbeadh sé i dtóin na fairrge. Níor bhain na creatúirí bocta féin ná einne eile aon sólas as.
- II
Nuair a bhíodh daoine ag scoruigheacht in ár dtigna agus mise im gharsún dairighinn iad ag tagairt go minic ar shean-bhean do chómnuig i nGleann an Bhárrlinn fadó. Síle Ní Chroinín dob ainm di ach níor tugadh riamh uirri ach Sean-Shíle Bodhar. Bhí tig beag cínn-tuighe aice i nDoir-na-Foinnsean tamall beag isteach ón mbóthar poblaí. Bhí fatracha an tighe ann tímceall dathad[?] bliadhain ó shoin acht níl a rian ann anois. Deirtí go mbíodh sí siorraidhe ag siubhal le hais na gcladthach ag féachaint isteach agus ag cuardach ins na pollaibh agus nuair a fiafhruigh di cad a bhíodh uaithe ní labhradh sí focal act leanamhaint ar an gcuardach.
Sin é an fáth gur tugadh Síle Bodhar uirri mar do leig sí uirri bheith bodhar. Dá labharfhadh duine léi in árd a chinn 's a ghutha agus a fhiafhraigh(leanann ar an chéad leathanach eile)