School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 148
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    D'airigheas m'athair ghá rádh gur bhuail bean siubhail isteach chúca tráthnóna...

    (continued from previous page)
    "síofra na pálach" agus a cluas leis an bpoll san aice. Chuaidh duine aca amach agus má dhein do chonnaic sé an bhean amuigh agus i ar a corra giobh, a cluas leis an bpoll aice agus í ag éisteact. D'iarr í ar mo seana-mháthair cíor do thabhairt di chun a ceann do chíoradh. Fuair sí é acht bhí ag teip uirri a chuid gruaige do réidhteach.
    Rug mo seana-mháthair ar an gciór uaithe agus dubhairt sí go ndéanfhadh sí féin é réidhtach di act is beag nár thuit sí i laige nuair do chonnaic sí an ceann do bhí uirri. Bhí a céann go léir geárrtha agus an fhuil reóidte ar gach ribe gruaige dá raibh uirri.
    "Cad d'imthig ar do ceann? arsa mo shean-mháthair léi. "Ní bhíonn aon sluagh ná bhíonn "droch-brainnse" orra agus nuair a thosnuigheann aon bheirt aca ar a chéile istoidhche is mise chaitheann iad do chur ó chéile agus is minic gurbh é mo cheann bhocht a dhíolann as" ar sise. Dubhairt sí gur bhfurus d'éinne fhios a bheith aige cá mbíodh cath no troid ag na daoine maithe mar dá bhfeiceadh duine carn beag glóthaighe ar sean-chasán, nó póirse, nó sean-bhóthar i bhfad ó aon lochán gurbh i sin an fhuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish