Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 381](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0280%2FCBES_0280_381.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 381
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 381
- XML “Na Bailte Fearainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa bhFrainnc fadó agus ní chuimhin le h-aoinne é agus do lean sé scoil éisg úair isteach i gCuan an Ghleanna Ghairbh agus chuir sé saighne idir Scabha Dhubh agus Poinnte Curabhaidí chun breith ortha. Dhein sé tig do féin le h-ais na farige sa Fuircéil agus cé ná fuil aon rían an tíghe ann anois tugtar Páirc a' Ranntaig ar an bpáirc ná raibh sé. Dein sé tighthe chun na h-íasg do leasú, ceann acu i 'Vale cooe' ar aghaidh Oileaán Faoide amach, ceann eile i "Seal Harbour" i dTráigh Caiseal agus ceann eile i mBó-Ceárna. "Palaces" a tugtaí ar na tighthe sin. Tá sean-fothracha na bPálás le feiscint fós. Acht mar d'imthig na h-éisg amach an chúain chaith Ranter íad do leanúint agus d'fág sé a chuid fear na dhíaidh daomhaoin. Tugtar "Ranntaig ortha san annsan nó Ranties. Tugann muinntear Baile an Chaisleáin Bhéarra Ranties orainn agus muinntear na h-Eadargabhaile leis. Deireann daoine eile gur ó 'Rann' nó roinnt a tháinig an t-ainm. Tá an talamh ana bhriste súas 'na slíabh cnocach garbh.