School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 381
- XML “Na Bailte Fearainn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa bhFrainnc fadó agus ní chuimhin le h-aoinne é agus do lean sé scoil éisg úair isteach i gCuan an Ghleanna Ghairbh agus chuir sé saighne idir Scabha Dhubh agus Poinnte Curabhaidí chun breith ortha. Dhein sé tig do féin le h-ais na farige sa Fuircéil agus cé ná fuil aon rían an tíghe ann anois tugtar Páirc a' Ranntaig ar an bpáirc ná raibh sé. Dein sé tighthe chun na h-íasg do leasú, ceann acu i 'Vale cooe' ar aghaidh Oileaán Faoide amach, ceann eile i "Seal Harbour" i dTráigh Caiseal agus ceann eile i mBó-Ceárna. "Palaces" a tugtaí ar na tighthe sin. Tá sean-fothracha na bPálás le feiscint fós. Acht mar d'imthig na h-éisg amach an chúain chaith Ranter íad do leanúint agus d'fág sé a chuid fear na dhíaidh daomhaoin. Tugtar "Ranntaig ortha san annsan nó Ranties. Tugann muinntear Baile an Chaisleáin Bhéarra Ranties orainn agus muinntear na h-Eadargabhaile leis. Deireann daoine eile gur ó 'Rann' nó roinnt a tháinig an t-ainm. Tá an talamh ana bhriste súas 'na slíabh cnocach garbh.