School: Doire Chonaire (roll number 4845)

Location:
Derryconnery, Co. Cork
Teacher:
Éamonn de Paor
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 379

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 379

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chonaire
  2. XML Page 379
  3. XML “Áitainmneacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tadhg Ó Cruadhlaoich
    Doire Conaire

    Port Mhichíl Uí Sheaghdha - Ba le Míceál Ó Seaghdha é.

    Bogach na dTúrtán
    Do ghearradh morán gúise ann agus do baineadh an chré agus an mhóin a bhí tímcheall ar na creachainí gúise chun teacht ar na rútaí go léir chun íad do thógaint aníos, mar bhí sé lán de sceachain go nglaodhtar riológ ortha.

    * * *

    Tá Glaise Tóireann idir Doire Chonaire agus Cúranail go nglaodhann síad Glaise na Naoscaighe air agus is é an fáth gur glaodhadh an ainm sin uirthe mar bhíodh móran des na h-éanlaithe fiadhaine ins an am san ar fuaid na gnoc agus pé ball a mbeidís nó ná beidís bhíodh mórán acu ar dhá thaobh an ghlaise so agus cíthfá na naoscaighe agus íad sa ghlaise seo á níghe féin agus siné an réasún gur ghlaodhadh Glaise na Naoscaighe air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ó Cruadhlaoich
    Gender
    Male
    Address
    Derryconnery, Co. Cork