Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 393
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do ghaibh fear bocht an t-slíghe ag íarraidh déirce agus dubhairt sé gurb é an ainm a bhí air ná Donchadh Ó Murchada. Dúbhairt sé gur o'n Sciobairín gurb eadh é, agus d'feach sé gur fear bocht macánta agus d'íarr sé ar son Dé lóisdín oidhche a thabhairt do agus fúáir sé lóisdín na h-oidhche. Acht seanchaidhe breágh a beadh é ar fan na h-oidhche. Bhí se ábalta an oidhche do chur i ngiorracht le scéala agus le paidreacha agus dúbhairt sé gurb shin paidir mhaith d'fear ná:-
"Tá an béal ar leathadh
Tá an t-súil á dhúnadh,
Tá an inntleacht ag imtheacht ar fán úaim.
Tá an cúis ag gladhach mar tá an léas caithte,
Agus a Dhia fóir m'anam san lá san."
Bhí seana bhean ann fadó go nglaoidís Siobhán na bPaidreacha uirthe agus ón mBár-Íarach abeadh í. Bhíodh sí ag imtheacht roimpe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cruadhlaoich
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí