Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bparóisde Mídhruis curtar suim mhór i nOidhche Shamhna mar bíonn an chuid spóirt ag na daoine ag cleachtadh na nósanna a bhí ag muinntir an pharóisde i gchomhnaidhe. Bíonn cnó agus úbhla, fainne agus chistí aca agus bíonn gach aoinne ag baint sóláis as an oidhche.
Oidhche Shamhna téigheann buachaillí an pharóisde go tighthe sa comharsanacht ag cantain amhráin "An Mascalacht" Tugann gach bean an tighe airgead nó prátaí nó rud mar sin dóibh. Deirtear ná bíonn an t-ádh ag aoinne a thugann an t-eiteachas dóibh.
Nós eile atá aca iseadh "Ag sciobadh na h-úbhall". Cuirtar ubhall ag crocadh ó'n sileáil agus bíonn gach aoinne ag iarraidh greim d'fhághail ar an úbhall. An duine is túisce a ghéobhadh greim ar an úbhall tugtar an t-úbhall dó féin.
"Ag déanamh tairngireacht ar an rud atá ag teacht" iseadh nós eile atá aca. Chuirtear dhá phláta ar bórd áirighthe, cré i gceann aca agus chnó i gceann eile. Téigheann duine agus dallog ar a shúile chun an bhúird agus chuireann sé a lámh ar cheann de na plátaí. Má cuireann sé a lámh ar an bhfáinne sin rian go bpósfaí é i rith na bliana; má cuireann sé a lámh ar an gcnó sin rian go mbeidh sé in a ógánach nó bean gan pósadh.
Gach Óidhche Shamhna bíonn choinneal ar lasadh ins gach fuinneóig nách mór sa pharóisde mar deireann na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Nic Shíthe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Síthe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- An Rinn, Co. Chorcaí