Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0298, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Caisleán Uí Dhonnabháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I ngleann aoibhneach iargúla sléibhte agus i n-áit 'nabhfuil "na cnuic móra ag bagairt a gcinn tar dhuim a chéile" ar an dtaobh thall de Dhrom-Dhá-Liagh atá Caisleán Uí Dhonnabháin.
    Fadó, fadó tógadh an caisléan san deirtear i lár na dara aois déág is deachair talamh slán a dhéanamh de. Pé sgéal é, bhí de muinntir Uí Dhonnabháin 'na chomnuidhe i gceanntar Beanntraighe bhí sé cómh saidhbhir le déamar agus i niomar na h-aimléise chun feidhm ceart do baint as a cuid airgid. Fé deire thíar tall dubhairt duine leis caisleán do thógaint. Do sprioch san leis agus fós cheap sé 'na aigne féin go mbeadh clú is cáil air go lá philibh an Chleithe toisc an caisleán a thóg sé. Tosnuigheadh an obair gan a thuille mhoille agus deirtear gurbh é an martaol a bhí ags na saoraibh ná fuil measgaithe le fionnadh bó is capall agus sin é an chúis go bhfuil na fallaí chómh daingean indiu is a bhíodar riamh.
    D'ionnsuigheadh an caisleán sa blian 1650 agus dob iad saighdiurí Cromail a dein an tionnraidhe ó bharr Céim na Carraige. Bhí gunnaí móra acha agus le ceann díobh cuireadh sgoilt sa bfalla. Bhí an Donnabhánach istigh sa caisleán agus tolladh a chroidhe le urchar. Thuit an fear bocht ar áit na mbonn. Tá an sgoilt le feiscint fós agus aon duine a raghadh chun an chaisleáin indiu chífeadh sé an poll san chómh soiléir is a bhí sé riamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Drisceoil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Liosán Uachtarach, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Drisceóil
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    Liosán Uachtarach, Co. Chorcaí