Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 163

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 163
  3. XML “Domhnall na Raolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Do meaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair, sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, dó meaduighthe le sé déug sin a tríochadh is a dó léas, sin dorn."
    Do thosnuig sé ag dúbhailt an dorn airís. "Dó meaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, dó meaduighthe le sé déug sin a tríochadh is a dó dorn, sin purn.
    Do thosnuig sé ag dúbhailth an phuirn airís. "Do meaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé deug, dó meaduighthe le sé déug sin a tríochadh is a dó purn. Tríochadh is a dó purn sin stuaichín."
    Do thosnuigh sé ag dúbhailth an stuaichín airís. "Dó meaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, dó meaduighthe le sé déug sin a tríochadh is a dó stuaicín, sin stácha."
    Do thosnuigh sé ag dúbhailth an stácha airís. "Dó meaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht, sin a sé déug, dó meaduighthe le sé déug sin a triocadh a dó stácha, sin baile.
    Do thosnuigh sé ag dúbhailt an bhaile airís. "Dó meaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, dó meaduighthe le sé déug sin a tríochadh is a dó baile, sin paróiste."
    Do thosnuigh sá ag dúbhailt an pharóiste airís. "Dó meaduighthe le dó, sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, dó meaduighthe le sé déug sin a tríochadh a dó paróiste, sin conntaé."
    Do thosnuig sé ag dúbhailt an chonntaé mar seo. "Do méaduighthe le dó sin a ceathair, dó meaduighthe le ceathair sin a hocht, dó meaduighthe le hocht sin a sé déug, do meaduighthe le sé déug sin a triochad is a dó. Triochadh is a dó conntaé sin Éire."
    Is mar sin do sgrois Domhnall an ceannuightheóir bocht. Do chait an ceannuigtheóir cruithneacht na hEireann do tabhairt do.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conchubar Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí