Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. M. Rosáraí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach tar éis a dó-dhéag a chlog mar sin am na marbh. Má chíthtear máig, sin chómhartha an bháis Má bhíonn coileach ag glaodhach i dtosach na h-oidhche nó madra ag gol sin cómharta go bhfuidheadh duine san cómharsanacht bás. Má théigheann na geramáin in éag sa Samhradh is cómharta bháis é. Má thagann frog isteach i dtig is cómharta bháis é. Má thagann spideóg isteach i dtigh is cómharta bháis é. Má cloistir an bean-sídhe is cómharta an bháis é. Má thagann fáinleog isteach i dtig is droch-cómharta é.Piseóga ag baint le pósadh:- Ní ceart pósadh Dé Luain Dé Céadaoin nó De h-Aoinne, nó ní ceart do bhean dul go dtí an tigh nua na laethe sin.
Nuair a bhíonn beirt le pósadh ní ceart dóibh bheith ins an gluaisteán céadna ag dul cun an tséipéil. Má chíonn tú sop ag tarrach in dhiaidh circe tá duine éigin cun pósadh. Má thuiteann tú níl tú cun pósadh an blian sin. Dá bhfuigheadh bean biorán gruaige a cailleadh pósadh sí an céad fear a bhuailfeadh léi.Piseóga ag baint le iasgaireacht:- Má bhíonn fir ag dul ag iascairteacht agus má bhuaileann leó bean agus folt ruadh uirthi casann siad ar ais mar na beadh aon iasc acu an oidhche sin. Piseóga coitcianta:- Má bhriseann duine scathán beidh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Failleán Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile Liath, Co. Chorcaí