Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)

Suíomh:
Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
Múinteoir:
An tSr. M. Rosáraí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Daoine a Bádh in aice Oileán Baoi”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí aonach san Baile Mhór tamall maith ó shoin agus bhí daoine ó Oileán Baoi ag teacht go dtí an baile seo. An lá sin do báthadh long agus bhí na daoine seo ag dul go dtí an áit 'na raibh an long cun rudaí d'fághail.
    Tá an fhairrrge in aice le Oileán Baoi ana garbh agus do báthadh seisear de'n mór-seisear a bhí san bád. Bhí beirt dearbráthar ann. Tá an fear a sabháladh na comhnuidhe in Oileán Baoi fós.
    Do bhí de nós ag na daoine ó Oileán Baoi dul isteach i dtig áirithe san Baile. An lá so do connac an bean gurb léi an siopa na daoine seo ag teacht isteach tríd an halla agus isteach i seómra. Do glaodh sí ar an cailín aimsire agus dubhart sí léi dul go dtí an tseómra agus ceist do cur ar na daoine ar cad a bhí uatha. D'imtig an cailín ach nuair a shrois sí an tseómra ní raibh aoinne ann. D'innis sí an méid sin do bean a tighe agus do tháing scrannadh uirthi. Tar éis tamaill do chuala sí gur bádhadh na daoine agus go rabhadar báidhte an uair a bhfeaca sí fein iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. bá (~292)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Failleán Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Murchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Seanbhaile Liath, Co. Chorcaí