Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (uimhir rolla 13762)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. M. Rosáraí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara
- XML Leathanach 034
- XML “Nósanna a Bhain le Féile Naomh Eoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaras an t-Eolas seo ó Sean Ó Murchadha, Sean Baile Léith, Baile an Easa, Baile Chaisleán BéarraTuiteann féile Naomh Eoín ar an 24 adh lá de mhí Meithimh. Is féile Eaglaise é agus féile náisiúnacha leis.Tá a lán nós ag baint leis an tráthnóna roimh ré. Lastar teinte cnámha ar an dtaobh de'n gháirdín as a thagann an ghaoth, i dtreó is go raghadh an deatach treasna na páirce agus má théigheann deirtear go mbeidh gáirdín maith sa'n áit sin, agus scartar uisge coisrichthe ar an gháirdín leis.Lastar teine cnámh leis taobh amuigh de chró na mbó agus toimeántar na ba thart agus léimeann na daoine thart leis. Deinntear na ba agus na daoine do bheannughadh leis le h-uisge coisrichthe.Deintear cró na mbó agus an tig cómhnuidhthe do bheannughadh leis.Nuair a bhíonn tuitim na h-oidhche ann téigheann na daoine amach ag féacaint ar an deatach go léir agus má bhíonn an oidhche go ciúin bíonn sé bailighthe ag bun an cnuic agus an ghealach ag soillsií ortha a dhéanamh níos gile.
Máire Ní Mhurchadha ( Failleán)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Failleán Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Seanbhaile Liath, Co. Chorcaí