Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 085
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do cogaint Fionn a órdóg agus dúbhairt sé go raibh deoch ag Rí a bhí thoir i gCill-Áirne agus dá mbeadh sé le’n ól acu go bhfeadaidís eirighe. Ní raibh Goll Mac Mórna ceangailte in ao’ chor mar is é bhí ag friothálamh ortha. D’imthig sé go Cill Áirne, agus ba ghearr an mhoíll air an fíon d’fágháil agus é thabhairt leis go Dairbhre. Thug sé dós na Fianna é len ól. D’ól gach duine acu braon de ach ní raibh ao’ nídh fágtha do Conán Maol sa deireadh. D’eirig gach duine acu slán ach Conán Maol mar bhí sé ceangailte len a cathaoir. Bhí na Fianna ag glúaiseacht ortha agus Conán ‘na ndiaidh. Thosnaigh seisean ag gol, “A bhfágfaidh sibh mise annso” ar seisean. “Ní fhagaimíd” arsa Gholl Mac Mórna agus Oscar. Bheireadar ar an da oscail ar Chonáin agus thairingeadar é, ach má dheineadar d’fhan croiceann a thóin ceangailte leis an úrlair.Mícheál Ó Shéaghdha
Cillín-liath
Maistir-gaoithe
Cill-ÁirneFuaireas é seo ó
Dómhnall Ó Séaghdha
Cillín-liath- Bailitheoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí