Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sceul
    Tá mórán galain le feiscint ar fuaid na h Eireann agus iad ag seasamh suas díreach ins na pairceanna. Seo sceul mar a tarlaigh íad bheith mar sin. Bhí fear i na cómhnaidhe thíar i mBaile Breac fadó darbh ainm dó Connraí Mac Dara. Bhí sé pósta le bean darbh ainm di Bleáidhnid. Albanach a beadh í. Bhí sí geallta do Cú-Culainn sar ar phós sí Connraí Mac Dara ach do scuab Connraí ó Albain í i gan fhios do.
    Bhíodar tamall i na gcómhnaidhe i mBaile Breac sar ar fuair Cú-Culainn fios cá rabhadar agus lean sé íad. Buail sé le Bléaidhnid lá agus shocaruigheadar ealód ach ní feudfadh sí é déanamh an uair sin mar bhí gárda mór fear ag Connraí mór timcheall na h-áite. Dúbhairt sí le Cú-Culainn go ndeanfadh sí seift cun na fir do chur as baile agus gur ba é cómhartha a bheadh aici do nuair a bheadh sí ollamh ná go ndoirtfeadh sí meadar bainne isteach sa sruthán a bhí in aice an tíghe agus nuair a cífeadh sé an sruthán bán bheadh fhios aige annsan go mbeadh sí ollamh dó.
    Ar maidion dúbhairt sí le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Shéaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann