Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)

Suíomh:
Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Siochfhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Máistir Gaoithe
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche fiadhain stoirmeach sa bliain 1707 tainig long isteac go bádh Baile na Scealg. Thiomáineadar ag rás isteach go puinte na Reanna Ruadh í. Hercelus dob ainm d'on long so agus bhí na fairrgí scriosta aice ó costaí na Spáinne go Bearra. Nuair buail sí talamh ag Rinn Ruad do ceap na mairnéalaigh go mbriseadh sí suas láithreach. Do léimeadar go léir san uisce cun dul ag snámh go talamh agus báthadh cuid aca.
    Bhí garsún i náirde ar an gcrann nuair a bhráth sé go raibh cille an árthaig ar talamh agus glaoidh sé amac go raib Hercelus daingean agus ná raibh aon baoghal briste uirte. Thainigh sé anuas, de'n gcrann, do ceangail sé bairille folamh do'n cábla téide agus do sgaoil sé leis na tonntaca go tráigh é. Bhí mórán óir agus airgeadh so long so agus do cuaidh na marnéalaigh ar bórd arís ar an gcábla téide chun an saidhbhreas do shaorúghadh.
    San amh céadna bhí cúpla árthach cogaidh in ancaire ar an taobh thiar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maire De Faoit
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Garrán na Fola, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seaghán Ó Clubhain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Garrán na Fola, Co. Chiarraí