School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 100
- XML “Liosanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- LiosannaAr an dtaobh thiar de Inse na Tuinne tá áit ann ar a dtugtar Árd na Carraige. Tá pluais síos fe’n talamh ann agus ceapann na daoine go bhfuil sé dhá chéad slat agus níos mó ar fhaid. Áit an mhaith a b’eadh é i gcóir cait crainn agus fadó do mharbhuigheadh na cait na h-uain mór tímcheall na h-áite sin. Do cuir na daoine trapanna agus nimh rómpa agus do mharbhuigheadh gach ceann aca.
Bhí giorrfhiadh bán in Inse na Tuinne agus bhíodh na daoine go minic ag fiadhach uirthe agus raghadh sí isteach sa pluais seo. Cuaidh trí fear go dtí áit lá agus cuadar isteach san pluais. Do lasadar coinneal agus ní rabhadar imthighthe i bhfad nuair a connacadar seomra. Do leannadar ortha agus thángadar go dtí seomra eile. Annsan do connacadar doras déanta de iarainn. Nuair a bhíodar in aice an dorais do múchadh an coinneal agus(continues on next page)- Collector
- Seán Ó hAodha
- Gender
- Male
- Address
- Dúire, Co. Chiarraí
- Informant
- Tadhg Ó Muirceartaig
- Gender
- Male
- Address
- Dúire, Co. Chiarraí