Scoil: Cuileannach (B.) (uimhir rolla 1199)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Peadar Ó Cochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'ionnsuigh na daoine timcheall na h-áite Art acht do ghaibh sé ceann aca agus choiméad sé é san gcaisleán mar ghiallach. Mar sin choiméad Art ó Conchubhair ar caisleán go dtí an t-eirighe amach sa bhliadhain 1798.Tar éis an eirigthe-amach sa bhliadhain 1798 b'éigean d'Art Ó Conchubhair teicheadh ó'n dtír agus do chuir sé fé san bhFrainnch. Ach choimead a mhuinntear an caislean agus nuair a bhí gach rud go ciuín socair arís do dhíoladar é.Do chonnaic duine de mhuinntear Mhathghamhna a bhí mar oifigeach in airm na Sasanna san India go raibh a bhaile dhuthchais Dúnló le beith fé an gcasúir do fuair sé cuid maith airgid, i mbannc éigin agus do cheannuigh sé é. Mar sin go ghlaic muinntear Mathghamhna seilbh ar Chaisleán Dúnló agus an duthaigh in a thímcheall arís, agus do choiméádadar é go dtí gur cheannuigh Mac Uí Annrachaín cúpla bliadhain ó shoin é. Do chuir Mac UÍ Annracáin lán crann ann - crann ó gach áird san ndomhan nách mór. Taíd le feiscint ann fós. Tá an chuid do'n chaisleán a thóg Dómhnall Caoch ar feabhas fós leis. Ach do réir an t-stúideír (?) a dhein Mac Uí Annracháin níl sé comh mór (?) leis an t-seana chaisleán. Do glach Mac Uí Annracháin an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cochláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí