Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 582

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 582

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 582
  3. XML “Sliabh na mBan Fionn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    léi “nuair a raghair isteach anois abair go bhfuil Slíabh na mBan Fionn tré theine.” Chuaid sí isteach agus dúbhairt sí leo, “Tá Slíabh na mBan Fíonn tré theine.” Caitheadar úatha an olann agus íad ag sgreadhag is ag gol. Ó! mo fear-sa agus clann-sa do lean sí go dtí an dorus íad ag éisteacht leó ag gol is ag cainnt. Dúbhairt bean acu gur cuma leí ach Jimín bocht bachach ná fhéadfadh rith.
    Tháinig an aingheal caoinleacht chúchu airís agus dúbhairt sí leí, uisge na gcos a caitheamh amach chómh thapaidh is d’fheadfhadh sí é agus an glas a chuir ar an ndorus agus smut a bhaint don císte a bhí déanta aichi dhóibh agus an clóichín a chuir ar an dteine agus a t-úrsal a chuir ‘na sheasamh ar an dtaobh deas de’n iartha agus dul a chodhladh annsan di féin agus gan freagairt a tuille dhóibh mar go thuitidís airís agus gan fanúint suas chomh déanach aon oidhche eile. Do thangadar airís agus iad ar buille agus glaochadar uirthe ach níor labhair sí in aon-cor. Dúbhairt choileach na seacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge