Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Cathair CrobhdeargOidhche Bealtaine cuadhas go dtí an Cathair agus do stopas I dtig duine muinnteardha. Do bhí leabaidh I comhlacht I mbun an tighe agus is ann do cuadhas cun codhladh. Do bhí bean an tighe ag obair ar feadh I bhfad. Fé deire fuair sí tubán uisce i lár an urláir is nighe sí gach aon blúire di féin. Nuair a bhí san déanta aici cuaidh sí go cloisead beag a bhí ann agus tóg sí amach próicín a bhí ann is cimil sí stuiff agus di féin. Deineadh preabaire mór girrfiad di i lár an tighe agus amach an doras léi. Do bhí an t-aimhleas orm féinig annsan. Deirigeas amach as um leabaidh. Cuadhas isteach sa tubán agus do nigheas mé féin chomh maith léi. Cuadhas go dtí an cloiséad is do fuaras an próicín is do cimiligheas díom é. Deineadh girrfiad mór díom agus amac an doras liom. Níor stopamar go cuadhmar go barra cnoic.(leanann ar an chéad leathanach eile)