Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Suíomh:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Teacht na Normannach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Réamonn dárbh ainm Muiris agus mar gheall ar sin tugadh barúntacht Clainne Mhuiris ar an dúthaigh sin. Agus b'é an Muiris sin shean-athair "Iarlaí" gallda Chiarraidhe. Acht tháinig saigdiúirí gallda eile go Chiarraidhe leis in-aoinfeacht le Réamonn Reamhar - go mór-mhór na "Gearaltaigh" - agus is í "Stair na nGearaltach" atá i bhfurmór de Stair Chiarraidhe as san anuas go réimeas Eibhlíse - bainrioghan Sasana.
    Bhí ceithre dreamanna des na Gearaltaigh in-Éirinn:-
    (1) Gearaltaigh Chille Dara
    (2) Iarlaí Chiarraidhe - do shíolruigh Ó Réamonn "Reamhar".
    (3) Iarlaí na Deasmumhan - do shíolruigh Ó Seán "Calláin".
    (4) Ridirí Chiarraidhe agus Ridirí an ghleanna - ó (3).
    Do bhuaidh clann Mac Cárthaigh ar an Gearaltaigh ag Calláin (inaice lé Neidín) sa bliain 1261 AD. agus marbhuigheadh Seán MacGearalt agus a mhac Muiris sa chath agus do cuireadh iad I dTráighlí.
    Ach 'n-a diaidh sin d'éirigh achrann idir chuid des na Mic Cárthaigh agus mar geall ar an éad agus an easaontas san bhí caoi ag na Gearaltaigh iad féin do dhingeadh isteach arís agus is gearr go raibh an lámh uachtair aca airís - agus d'éirigh leó sa deire mór-thighearnas Chiarraidhe do bhuadhachtaint ar a namhdaibh - agus bhíodar 'n-a máighistrí sa Deasmúmhain ar feadh I bhfad, gan beann aca ar éinne, gur cuireadh cosc le n-a gcómhacht i réimeas Eibhlíse.
    Ar dtúis b'í abha na Mainge an teóra a bhí idir an Deasmumhan agus Chiarraidhe. Do cuirtí "Ciarraidhe" mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge