Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Suíomh:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Ré na Críostaíochta”
  4. XML “Erc Bréanainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins na giotaí atá sgríbhte - ní'l agam acht buille fé thuairim dá thabhairt ar eachtraí móra na stáire. Ní h-aon mhaitheas bheith ag innsint go bhfuil an fhírinne in a lán atá sgríbhte idtaobh ré dorcha na págánachtta - már ní'l.
    Acht tháinig eólas ar ealadhain na sgríobhnóireachta go h-Eirinn lé linn Phádraig Naomhtha tímpal na bliadhna 432 A.D. agus táthar adhbhairín cinnte des na rudaí a thuit amach ó'n mbliadhain sin anuas - cé gur cailleadh a lán leabhar in-ar sgríobhadh na h-eachtraí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is deallrach gurbh'é Naomh Erc a thug leis an creideamh fíor go Ciarraidhe Luachra. Is tre Co. Luimnighe a tháinig sé chúghainn. Tá áiteanna i gCiarraidhe Luachra fós go bhfuil ainm an naoimh sin ortha e.g. Tearmann Eirc.
    B'é an duine ba mhó cáil de dhaltaí Noimh Eirc, ná Bréanann Naomhtha. Deirtear go rugadh é siúd in-aice leis an bhFianait agus go bhfuair sé bronntanas 50 bó agus a gcuid laogh ó Mac Áirde, gur bhaist Naomh Erc é i dTobar na Molt. B'í Naomh Íde a mháthair oileamhna ó aois bliadhna dhó go h-aois 6 mblian, agus annsan gur cuireadh é go Naomh Eirc agus go raibh sé ag foghluim fé na athair oileamhna go dtí go raibh sé 'n-a fhear óg.
    Deireann an t-Athair urramach Ó Fearghusa gur in-Uaimh Bhréanainn (sa pharoíste seo) do rugadh é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge