Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí suidhte dhá mhíle taobh thiar de'n "uaimh."Do líonadh isteach an uaimh iongantach so, agus ní'l acht a dtuairimí ag muintir na h-áite anois - ar suidiú na h-uamha san. Tá sé ráidhte leis go raibh clochar ban riaghalta san áit agus oidhche go dtáinig fiallaigh danardha cun fogha a thabhairt fé'n gclochar fé s na mnáibh riaghalta agus go dtáinigh scannradh agus sceimhle ar lucht an tighe. Annsan d'impigheadar ar Naomh Bhréanann iad do thabhairt slan ó'n gconntabhairt agus tá sé ráidthe gur éisteadh lena nguidhe. gur tháinig eadtromacht chéille ar na fearaibh fiadhaine agus gur léimeadar isteach san uaimh agus gur marbhuigheadh gach aon duine díobh (nó gur fhanadar san uaimh go dtí gur tháinigh siad chúcha féín agus go raibh náire ortha mar gheall ar an ngníomh a bhíodar chun a dheunamh). Ní'l aon rian de'n chlochar san áit anois:Nílim ag cur síos annso acht ar an mbaint a bhí ag Naomh Bréanainn leis an duthaigh seo. Tá eólas lé fagháil ar a bheathadh i leabhraibh a thráchtann ar Naomh Bréandan.Is deárathach gur chaith sé cuid dá shaoghal ag craobhsgaoileadh an chreidimh imeasg muintear na h-aite sar a ndeaghaidh sé ar thuras sa bhfairrge mhóir.