Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fé na dhiaid san mar gur mhó a bhí aige sin á bara na a lán a fuair a duagh.
Bhi Maitiú Mór ag gabháil andeas lá, bhuail garsún ó Cinn. Áird Iarrach a bhí tar éis bolta copair a shaothrú leis. Nár bhain Maitiú dhó é, lean an garsún é agus é á' chéasadh agus á' chiapadh. Bhí Maitiú Mór chómh céasta, dóighte sin gur chaith sé an boltha síos le Cuas an Choltair. Feuch air sin, gá géar, b'fhéidir ag an ngarsún leis an dtistiún. Tamall na dhiaidh san bhí an máirnealach Meait Thomáis ar bórd " Man-o-War", pé ruith focail dh'imthig air dubhairt sé an focal "Mary of Glenavy". Baineadh ana phreab as mairnéalach eile a bhí leathis leis, d'fhiafruig sé sgéala dhó nó cár chualaidh sé an ainm sin. D'inis Meait Thomáis do gach rud mar bhí, bhí cúntas cruinn go leór aige uirthe Dubhairt an máirnéalach eile leis go raibh beirt driothár leis féin ar bórd innte, nár chualathas aon sgéala uatha ó fhágadar cala.
15.11.'37 Fuaras ó m' athair, Pádraig Ó Súilleobháin
Bás Aoine. Adlaca Sathairn agus guidhe Domhnaig.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann