Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 443
- XML “An Cheamach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nach sa talamh a bhí mé an lá sin.
III
D'éirigh mé ar maidin
Is rug mé ar mo laighe
An teine fein níor fhaduigh mé
Nó folach ar na páistí
Ní h-é sin féin a mharbhuigh mé
Dá mhéid dá raibh mo dhola's
Ach na paistí ag sgreadach
A's an Ciomach i dteach na gcomharsan.
IV
Díomadh dé ar an bpósadh
Nach mairg ariamh a rinne é.
Easgaidh is atá sé beirt a cheangal,
A's a doiligh tá sé sgoileadh,
Dá dtiocfadh sé de dhlighe amach
Ar nós an bhó nó an chaora
An té nach dtaithneóchadh a bhean sa mbaile leis
I thiomaint amach 'un an cionaigh..
V
Seo comhairle dibh, a bhuachaillí
An méid agaibh gan phósadh
Ná fágaighidh bean mhaith in bhur ndiaidh
Mar gheall ar cúpla bhóin
B'fhearr díbhse teach glan agaibh
le teacht isteach tráthnóna
Ná luaith buidhe na seachtmaine
A chuir amach Dia Dómhnaigh.