Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 508
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuir an t-airgead agus an talamh saor go bráth cathughadh uirthi. Chruinnigh siad uilig an Sathairn a bhí chuca an sagart ag ofráíl an Aifreann ar a shon. Bhí a n-aghaidh uilig ar an sgeich. Níór fhéad aoinne a fheiceál ach an gabha go raibh an t-Aifreann thart. Chonnaic siad uilig annsin é ag dul suas in a aingeal geal go Flaitheas Dé mar dubhairt sé leo. Bhí an duine uasal ag iarraidh ag gabha a choinneál is go dtiubhraidh sé an teach mór dhó, ach ní fhanfadh sé. Annsin thug asé dó mála óir a bfiú na céádta, céádta punt. D'fhág sé beannacht ag an duine uasal agus chuaidh sé abhaile ag a bhean, is a chlann go Béal Átha Luain is bhí siad saidhbhir sathach ariamh ó shoin. ó Mháire Ní Spealáin
Cloigcheann - Bhí fear ann fadó agus bhí triur mac agus inghean amháin aige. Ní thiubhradh sé a inghean do aon fhear le pósadh ach fear a bhainfeadh gort fataí dó Dia Domhnaigh ach ní dhéanfadh aon duine in-a áit féín é sin dó, agus mar sin chuir sé teachtaire go dtí áit eile ag lorg fear. Tar éis tamaill tháínig fear go dtí athair an chailín agus dubhairt sé go ndéanfadh sé féín an gort do bhaint dhó. Tosuigh sé annsin agus bhí an gort bainte aige sa tráthnóna. Thug an t-athair an cailín dhó le pósadh. D'imthigh sé leis annsin é(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Droigneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe