Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Bailtí Locha Riain”
  4. XML “An Cheamach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    III
    Ní chreidneóchainn ar mo chapall ná dá n-abróchainn an trian
    Ná a ndeacha de bháid mhóra cuan Cárna le blian,
    Ná na tráchtaighíní eile le go síntear ann an fiadh,
    Gan cainnt ar bith ar mhná deasa bailtí locha Riain.
    IV
    Sé mo léan nár cailleadh mé amuigh ar an sliabh,
    An áit a mbeadh mo chnámha dhá bpiocadh ag an bhfiadh.
    Sul a dtug mé taithneamh is grádh duit, a ainnirín gan chiall,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Céad slán do'n bhlian is an tacha seo
    Nach deas a bhí mé gléasta.
    Bhí mé indon a dhul chun cainnte leo
    I mbéarla agus i nGaedhilge,
    Nó gur phós mé an ciomach
    A raibh cúpla bó mar spré aici
    Nó gur fagadh sin fuar folamh mé
    A's mo chroiceann geal gan léine.
    II
    D'éirigh mise ar maidin
    A's nigh mé m' éadan as mo lamha
    D'fhiafruigh mé de'n cailín deas
    A dfiocfadh sí chun na báire.
    Cheaduigh sí a maimí is níor bhac sí le na deaidí
    Sé mo léan a's mo chreac maidne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge