Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 543

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 543

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 543
  3. XML “Seaniarsmaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí go leor croiseanna san áít seo fadó ach tá go leor díobh briste agus leagtha anois. Tá go leor sean-chroiseanna in gach reilg anois agus tá siad déanta de chloch aoil. Bhí cearcal cloch i nGleann na gCapall i n-aice le Duachta i gCorr na Móna a raibh sgríbhinn ar chuid acu a curieadh suas i gcuimhne sagart a marbhuigheadh ann i n-aimsire an Droich-Shaoghail.
    Tá áit sa gcnoch agus sé an t-ainm atá air Bun an tSrutháin. Tá trí clocha móra ann ós cionn triúr saighdiúirí atá curtha ann. Bhí bean i n-a chomhnuidhe i nDuactha i n-aice le Corr na Móna fadó agus ní raibh aici acht aon bhó amháín. I n-aimsir an Ghorta do b'eadh é agus bhí an triúr saighdiúirí ag dul thart san áit. Lá amháin thóg siad an bhó ó'n mnaoi agus choinnigheadar í. Nuair tháínig mac na mná abhaile chonnaic sé go raibh a mhathair ag caoineadh agus d'iarr sé uirthi céard a bhí uirthi. D'innis sí dó céard a thárla. Lean an mac na saighdiúirí agus bhain se an bhó díobh. Mharbhuigh sé an triúr saighdiúirí agus chuir sé annsin iad agus chuir sé tri leac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí hEnrí
    Inscne
    Baineann
    Aois
    39
    Seoladh
    Droim Snámha, Co. na Gaillimhe