Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 512
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirtear go leor fataí san gceanntar seo, ach bhíodh níos mó fataí dhá chuir fado ná mar atá anois mar ní raibh tae acu. Mhaireadar ar fhataí agus bainne. Is le láighe is mó a cuirtear na fataí san áit seo. Déantar iomairí agus sgartar na fataí ar na h-iomaraí. Sgartar aoileach ortha. Is í bean an tighe a ghearrann na sgiollaín de gnáthach. Annsin tógtar isteach fód ar an aoileach agus ar na sgiollaín. Cuirtear trí no ceithre sgiollaín ar leithead na h-iomaire.Fágtar mar sin iad go mbíonn na gasa aníos thar an gcré. Annsin lántar iad agus bíonn siad arís go Fóghmhar. Cuirtear cuid eile de na fataí go luath san samhradh agus bíonn siad reidh le baint i dtosach an Fhóghmhair. Tugtar "Céád Fhóghmhar" ortha sin. I ndeireadh séisiúr an t-samhraidh de gnáthach bíonn an dubh ag teacht ar na fataí agus cuirtear spé ortha chun é a chosg. Tugtar "Máilín Sáidhte" ar mhála beag a bheadh thart ar chom duine chun na sgiollaín a chur ann chun iad a shaídeadh. Siad na cineál fataí atá thart annseo ná na "Champions," "Kerr's Pinks," "Irish Queen," agus "Aran Banners." Ní usáidtear céachta adhmaid san aít seo anois ach ag déanamh drilleanna agus ag baint láin. Déantar arán as na fataí.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe