Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 407

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 407

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 407
  3. XML “An Gasúr agus an Bráthair”
  4. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    amach doras amháin agus chuaidh an stócach amach doras eile, agus casadh ar a chéile arís iad. "A Uain Dé a tógas peaca an domhain" arsan stócach. "Buachaill maith," ars an bráthar, agus bhí ag imtheacht leis. "Shíl mé," ars an stócach, "gur fear t'fhocal thú, nár gheall tú coróin dom an chéad ait a gcasfaidhe leat mé?" Thug an bráthar coróin dó annsin.
    Blian ó'n lá sin casadh ar a chéile arís iad. "An bhfuil an phaidir sin agat a thug mé duit anuraidh?" "Tá," ars an stócach, " Abair é," adeir an bráthar. "Molt Dé a thógas peaca an domhain." Bhí a fhios agam nach raibh sé agat," ars an bráthar. "Glacaim párdún agat," adeir an stócach. " Bhí sé in a uan anuraidh, acht tá sé in a mholt im bliana."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí an tóir aige a bheith ag imirt cártaí. Bhíodh sé an mhall gach oidhche nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile an mhall agus bhí paca cártaí in a phóca aige. Casadh fear leis agus d'iarr sé air an mbeidh cluiche cártaí aige. Dubhairt an fear go raibh sé sásta. Shocruigh sé bord annsin agus thosuigh siad ag imirt. Ní raibh siad i bhfad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Chonaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Droim Snámha, Co. na Gaillimhe