Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0457

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0457

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0457
  3. XML “An Dá Cheannaí agus Bua na Fírinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    C. na mB. go gcuirfeadh sé a dhá shúil leis. Bhí C. na mB. sásta.
    Bhí go maith. Ba ghearr gur casadh dligheadóir dóibh agus an uair seo ní raibh ceapadh ar bith ag C. na F. nach n-eireóch' leis. Ach is amhlaidh bhí an sgéal aige mar bhí ó'n triúr a casadh roimhe sin leis. B'éigin dó an dá shúil a thabhairt do Ch. na mB. Bhí sé ina dhall ansin. Chuir C. na mB. isteach faoi bharraile é agus d'imthigh leis féin in a bhealach.
    Thárla ins an am sin go raibh bean uasal ins an áit tinn agus bhí sé 'cinnt ar an dochtúr í leigheas. Bhí luach saothair ceaptha d'aon d. a leigheasóchadh í. An lá seo tháinig sluagh mór cat (sic) in aice leis an áit a raibh an ceannaidhe faoin mbarraile. Bhí uachtarán ortha agus thosaigh sé ag caint agus ar a rádh leis an gcuid eile an ceann acu a tharringeóch' trí ribe as a chuid fionnach agus a bhéarfadh é go dtí an tobar a bhí i bpáirc an ghleanna go mbeadh leigheas aige ar chuile chineál galra ar feadh ceithre fichead bliadhain.
    Tar éis tamaill d'imthigh na cuit leób. D'iompaigh mo dhuine bocht an barraile druim ar ais. Ba ghearr mar sin dó go bhfaca fear é agus d'fhiafruigh sé dhó céard do bhí air. Dubht an ceannaidhe go raibh sé 'na dhall bhocht agus go mbeadh sé an bhuidheach dó dhá dtugadh sé go dtí Tobar Pháirc an Ghleanna é. - Tá go maith, adeir an fear. D'fháisg sé ar a dhruim é agus thug sé go dtí an tobar é agus d'imthigh sé féin leis annsin. Chuir an ceannaidhe a lámh ins an tobar agus chuir cuid de'n uisge ar a shúilibh agus bhí a amharc aige mar bhí ariamh. Chuimhnigh sé ar an mbean uasal nár b'fhéidir a leigheas agus ar bheathnú thart dó chonaic sé buidéal ar an taobh eile dhó. Rug sé air agus líon sé le h-uisge an tobair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic 'Ac Thuathaláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe