Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinic an fear annsin agus "lean", adeir an fear, "na beithigh ar maidin agus ná d. iongantar go cheó ar bith dá bhfeicfidh tú."
D'imthigh an driothair indiadh na mbeithidheach. Ní raibh fhios aige cé dtiocfadh sé ach bhí na beithig ag imeacht roimhe agus lean sé iad. Chonnaic sé crann agus bhí brat ubhlaí air agus bhí ubhla mór millteach thuas imbarr an crainn. Chuaidh sé suas sa gcrann ag baint an ubhla mór agus nuair a bhí seisean ar mullach an chrainn chuaidh an tubhla ar an talaimh agus nuair a chuaidh seisin ar an talamh chuaidh an t-ubhla ar barr an chrann arís.
D'imigh an ceól annsin ar adharca na mbeithidheach agus thugadar a n-aghaidh abhaile arís. Tháinic seisean abhaile i ndiadh na mbeithidheach agus fuil a bligheadh ós na beithigh an oidhche sin in áit meala. Bhuail fear na dreifire buille ar an driothair agus rinne sé cloch ghlas dó. Ní raibh aon cheó n-a thimcheall sin níos mó.
D'imigh an tríomhadh dr. agus chuir an fear i ndiadh na mbeithidheach é. Agus dubht an fear leis, - "Na déan iongantas de cheó ar bith dá bhfeicfe tú ach lean na beithig." Chonnaic an treas d. an crann a raibh na hubhlaí air. Ní dhearna sé ach breathnú agus imtheacht leis i ndiadh na mbeithidheach. Shiubhail s e tamall eile agus chonnaic sé páirc agus caiple istigh ann agus iad caithte agus féar mór fada acu le n-ithe. D'imthigh sé tamall eile agus chonnaic sé caiple i bpáirce eile agus iad beathuighthe agus gan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Finneadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe