Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maith as sin amach.
Chuala duine uasal a bhí ins an gceanntar faoí'n mbrat a bhí ag an bhfeiliméar agus d'iarr sé air é a thabhairt chuige go bhfeicfeadh sé cé aca a b'fhearr. B'fhearr brat an fheiliméara agus d'iarr an duine uasal air é acht ní thiubhradh an fear eile dhó é agus annsin d'orduigh an duine uasal an fear a cheangal agus é a chrochadh. Ceangluigheadh é, acht dubhairt sé sul dá bhfághadh sé bás gur mhaith leis an boiscín a bhí sa mbaile aige a fheiceál. Tugadh chuige an budget agus leag sé ar an talamh é ós a chómhair. Bhuail sé trí chic air agus dubhairt "Anois a chladhairí má tá sibh ann tagaidh amach agus ná fágaidh duine dá bhfuil beó annseo gan marbúghadh acht amháin mé fhéin." Ní raibh a dheireadh ráidhte aige nuair seo amach na saighdiúirí agus thosuigheadar ag smíochadh mar a bheadh Dia 'ghá rádh leo. Mhairbh siad gach a raibh sa láthair go dtí fiú an duine uasal fhéin. Annsin chuadar ar ais arís. Thug an feiliméar leis an buidget" annsin agus chuaidh sé chuig teach an duine uasail. D'fhan agus chomhnuigh sé ann uaidh sin amach agus ní fheacaidh sé la boichteanachta go deó arís. Ba mhaith dhó an lá nach ndearna sé comhairle a chuid dearbhráithreacha.
Liam Ó Fátharta, Rang V, d'aithscríobh 24.IV.'36- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe